Acts 10:22 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhradarsan, Cornélius an caiptín, duine comhthrom, air a bhfuil eagla Dé, agus fear deaghtheasda ag an gcineadh Iúdaighe uile, fuáir sé fógra ó Dhía tré aingeal náomhtha fios do chur ortsa dá thigh féin, agus éisdeachd ré briathra úaitse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráibhtheach go bhfuil eagla Dé air, agus go bhfuil árd‐mheas ag an gcineadh Iúdach uile air, fuair sé fógradh ó aingeal naomhtha fios do chur ort‐sa teacht chum a thighe féin, agus éisteacht le briathraibh uait.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhreagair siadsan, “Is é Cornélius, an ceantúir, atá ina fhear cneasta cráifeach, a mbíonn an dea-fhocal dó ag an gcine Giúdach uile, ar ordaigh aingeal naofa dó fios a chur ort chun a thí féin, agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair siadsan dó: «Coirnéilias taoiseach céad a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ardmheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ortsa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair siad-san dó: “Coirnéilias taoiseach céid a chuir anseo sinn. Fear ionraic diaganta is ea é a bhfuil ard-mheas ag an gcine Giúdach ar fad air, agus fuair sé ordú ó aingeal naofa fios a chur ort-sa chun a thí agus éisteacht lena bhfuil le rá agat.”