Acts 10:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla ré dteachd Pheadair a sdeach, go dtáinic Cornélius do theagmháil dó, agus do onóraigh sé é, dhá léigean féin síos agá chosaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thárla, ag dul isteach do Pheadar, go ndeachaidh Cornélius chuige, agus do shléacht sé dhó ag a chosaibh, ag déanamh onóra dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a tháinig Peadar isteach chun tí aige, chuaigh Cornélius ina airicis agus thit sé ag a chosa á adhradh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina airicis agus d' umhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí Peadar ar tí dul isteach tháinig Coirnéilias ina araicis agus dʼumhlaigh go talamh ag déanamh ómóis dó.