Acts 10:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Atá a fhios agaibhse nách dlightheach do Iúdaighe é féin do cheangal deachdrannach, nó teachd dá ghoire; gidheadh do fhoillsigh Día dhamhsa gan duine coitcheann nó neamhghlan do ghairm do neach ar bith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh féin nach dlisteanach do’n Iúdach baint do bheith aige le duine d’aon chineadh eile, ná caidreamh do dhéanamh leis; acht thug Dia le tuigsin dom gan coitcheann ná neamh‐ghlan do thabhairt ar aon duine:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus dúirt sé leo, “Tá a dhea-fhios agaibh féin cad é chomh dian agus a chrosann a dhlí ar Ghiúdach cuideachta a choinneáil nó cuairt a thabhairt ar dhuine de chine eile; ach tá Dia tar éis a fhoilsithe dom nach cóir dom salach ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine beo.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus labhair sé leo: «Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia domsa, áfach, gan duine mínaofa ná neamhghlan a thabhairt ar neach ar bith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus labhair sé leo: “Tuigeann sibh go maith nach dleathach do Ghiúdaigh caidreamh a bheith acu le lucht cine eile, ná dul ar cuairt féin chucu. Thaispeáin Dia dom-sa, áfach, gan duine mínaofa ná neamh-ghlan a thabhairt ar neach ar bith.