Acts 10:30 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhairt Cornélius an tan sin, Ré ceithre lá gus a nuáirse do bhí mé ag déunamh troisge; agus sa náomhadh huáir do bhí mé ag déunamh urnaighe ann mo thigh féin, agus, féuch, do sheas neach am fhíadhnuise a néudach dheallruightheach,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt Cornélius, Ceithre lá ó shoin, go dtí an uair seo, do bhíos ag guidhe ar an naomhadh h‐uair im’ thigh: agus féach, do bhí fear ’n‐a sheasamh im’ fhiadhnaise agus éadach geal air,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt Cornélius, “Ceithre lá ó shin, i dtrátha an ama seo de lá, bhí mé ag coinneáil an naoú huair, uair na hurnaí, i mo theachsa; agus bʼshiúd an fear in éadaí solasta ina sheasamh romham,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Coirnéilias: «An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá m' urnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhreagair Coirnéilias: “An taca seo trí lá ó shin bhíos ag rá mʼurnaithe tráthnóna i mo theach nuair a sheas duine os mo chomhair agus é cóirithe in éadaí geala.