Acts 10:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin cuir fios go Híoppá, agus goir chugad Síomón, dar comhainm Peadar; atá se ar aóidheachd a dtigh Shíomóin fhir leasaighthe leathair láimh ris an bhfáirrge: agus an tan thiucfas sé, laibheóruigh sé riotsa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cuir fios go h‐Ioppé, d’á bhrigh sin, agus iarr ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar, teacht chugat; cómhnuigheann sé i dtigh Shíomóin fear leasuighthe leathair, cois na fairrge.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cuir teachtairí uait mar sin go hIoppa ar thuairisc Shíomóin dá ngairtear Peadar; tá sé ar lóistín i dteach Shiomóin an súdaire ar chladach na farraige.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuir fios, dá bhrí sin, go Iopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cuir fios, dá bhrí sin, go hIopae ar Shíomón dar comhainm Peadar; tá sé ar aíocht i dteach Shíomóin Súdaire ar bhruach na farraige.’