Acts 10:43 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do níd na fáidhe uile fíadhnuise dhó so, go bhfaghann gach áon chreideas ann maitheamhnus na bpeacadh tré na ainm.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is dó‐san do‐bheir na fáidhe go léir fiadhnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gach éinneach chreideas ann do‐gheobhaidh sé maitheamhnas na bpeacadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugann na fáithe uile go léir fianaise air seo, go bhfaighidh gach duine dá gcreideann ann maithiúnas na bpeacaí trína ainmsean.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus is air a thugann na fáithe uile an fhianaise seo go bhfuil maithiúnas peacaí le fáil ina ainm ag an uile dhuine a chreideann ann!”