Acts 11:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin má thug Día dhóibhsion an tiodhlacadh céudna thug sé dhúinne, an tan do chreideamar sa Ttighearna Iósa Críosd; cía hé misi, do fhéudfadh toirmeasg do chur ar Dhía?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, má thug Dia dhóibh‐sean an bronntanas céadna tugadh dhúinne, nuair do chreideamar san Tighearna Íosa Críost, cia’rbh é mise go bhféadfainn cosc do chur le Dia?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Más rud é mar sin gur thug Dia an tíolacadh céanna dóibh a thug sé dúinne san am a chreideamar sa Tiarna Íosa Críost, cé a bhí ionam féin go bhféadfainn cosc a chur le Dia?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá réir sin má thug Dia dóibhsean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá réir sin má thug Dia dóibh-sean an tabhartas céanna a thug sé dúinne tar éis dúinn creidiúint sa Tiarna Íosa Críost, cérbh é mise go bhféadfainn bac a chur ar Dhia?”