Acts 11:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar gclós na neitheannsa dhóibhsion, do thochdadar, agus tugadar glóir do Dhía, ag rádh, Uime sin thug Día aithrighe do na Cineadhachaibh fós chum beatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do‐chualadar an méid sin, do chiúnuigh siad, agus thugadar glóir do Dhia, g‐á rádh, Is léir, mar sin, go bhfuil aithrighe chum na beathadh tabhartha ag Dia do na Cineadhachaibh féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chuala siad sin, ní raibh focal le rá acu ina éadan. Agus thug siad glóir do Dhia, á rá, “Mar sin de tá Dia tar éis aithreachas chun na beatha síoraí a bhronnadh ar na Gintlithe freisin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala siad an méid sin, d' éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: «Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chuala siad an méid sin, mʼéist siad agus thug glóir do Dhia dá rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”