Acts 11:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Tuilleadh eile an dream do bhí ar na sgaradh trés an mbuáidhirt do éiridh ar son Steapháin do shiubhladar go Phenícia, agus go Cíprus, agus go Hantíochía, gan an bhriathar do labhairt ré héinneach achd ris na Iúdaighibh amháin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Na daoine do scaipeadh mar gheall ar an ngéirleanmhain d’éirigh i dtaobh Stiofáin, do chuadar chómh fada le Foinícia agus le Cuprus, agus le h‐Antuaigh, gan an briathar do labhairt acht leis na h‐Iúdachaibh amháin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois chuaigh an dream a bhí scaipthe de bharr na géarleanúna faoi Stiofán chomh fada leis an bhFéinícia agus leis an gCipir agus le hAntíoc, gan iad briathar Dé a labhairt ach leis na Giúdaigh amháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéarleanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada le Féinice agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An mhuintir úd a scaipeadh ag an ngéar-leanúint a tharla mar gheall ar Stiofán, ghluais siad rompu chomh fada leis an bhFéiníc agus leis an gCipir agus le hAintíoch. Níor fhógair siad an briathar, áfach, ach do na Giúdaigh amháin.