Acts 11:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus táinic na sgéulasa go clúasaibh na heagluise do bhí a Niarusalém: agus do chuireadar Barnabas uatha, go Hantíochia.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig scéala ’n‐a dtaobh go cluasaibh muinntire na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem: agus do chuireadar Barnabas uatha chómh fada le h‐Antuaigh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tháinig an scéal sin i gcluasa na heaglaise in Iarúsailéim, agus chuir siad Barnabas go hAntíoc.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig scéala fúthu go dtí an Eaglais in Iarúsailéim agus sheol siad Barnabas go hAintíoch.