Acts 11:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd dhó, agus ar bhfaicsin ghrása Dé, do ghabh gáirdeachus é, agus do theaguisg sé íad uile, fá anmhuin a bhfochair an Tighearna ré rún croidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus nuair tháinig seisean, agus nuair do chonnaic sé grása Dé, bhí áthas air; agus do spreag sé iad go léir go gclaoidhfidís le díoghrais croidhe do’n Tighearna:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a tháinig sé ansin, agus chonaic sé grásta Dé, bhí áthas air; agus bhrostaigh sé iad uile le fanacht dílis don Tiarna agus le bheith daingean ina rún;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a shroich sé an áit agus nuair a chonaic sé grásta Dé ann, bhí áthas air, agus chomhairligh sé dóibh go léir cloí leis an Tiarna go daingean diongbháilte.