Acts 11:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do bhí sé na dhuine mhaith, agus lán don Spiorad Náomh agus do chreideamh: agus do chuireadh ris an Dtighearna buidhean mhór.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
óir fear maith ab eadh é, agus do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh agus de chreideamh: agus ba mhór an méid daoine tugadh chum an Tighearna.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar ba dhea-dhuine é, agus é lán den Spiorad Naomh agus den chreideamh. Agus cuireadh mar sin go mór leis an dream a ghéill don Tiarna.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Fear maith a bhí ann agus é lán den Spiorad Naomh agus de chreideamh. Agus cuireadh slua maith mór le buíon an Tiarna.