Acts 12:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nimtheachd dóibh tré san gcéud fhaire agus tré san dara faire, tangadar chum an ghéata íarainn, thréoraighais chum na caithreach; noch do osgail dhóibh úadh féin: agus ar ndul amach dhóibh, do shiubhladar thríd áon sráid amháin; agus ar an mball do imthigh an taingeal úadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chuadar thar an gcéad ghárda agus thar an dara gárda, tháinig siad go dtí an geata iarainn sheolas chum na cathrach; d’fhoscail sé dhóibh uaidh féin: agus do chuadar amach, agus do shiubhladar rómpa sráid amháin; agus d’imthigh an t‐aingeal uaidh go h‐obann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a ghabh siad thar an chéad agus an dara post faireoireachta shroich siad an geata iarainn a thabharfadh amach chun na cathrach iad. Dʼoscail sé rompu uaidh féin, agus shiúil siad fad aon sráide amháin; agus dʼfhág an t‑aingeal ansin i dtobainne é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn a sheolann chun na cathrach. D' oscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, d' imigh an t-aingeal as a radharc.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghluais siad thar an gcéad gharda agus thar an dara garda nó gur tháinig siad go dtí an geata iarainn isteach chun na cathrach. Dʼoscail an geata dóibh uaidh féin agus amach leo. Shiúil siad rompu fad sráide agus ansin de phreab, dʼimigh an t-aingeal as a radharc.