Acts 12:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd do Pheadar chuige féin, a dubhairt sé, A nois atá a fhios agum go dearbhtha, gur chuir an Tighearna a aingeal úadh, agus gur sháor sé mé ó laimh Iorúaidh, agus ó uile choimhéud an phobail Iúdaighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig Peadar chuige féin, adubhairt sé, Is léir dhom go cinnte, gur chuir an Tighearna a aingeal uaidh, agus gur shaor sé ó láimh Ioruaith mé, agus ó n‐a bhfuil beartuighthe ag an bpobal Iúdach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a tháinig Peadar chuige féin dúirt sé ina intinn, “Aithním anois gur scéal cinnte é go bhfuil an Tiarna tar éis a aingeal a chur uaidh agus mé a tharrtháil ó láimh Iorua agus óna raibh faoi mo choinne ag an gcine Giúdach.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: «Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a tháinig Peadar chuige féin, dúirt sé: “Tá a fhios agam anois go fíor gur chuir an Tiarna a aingeal chugam agus gur fhuascail sé ó lámha Héaróid mé agus ó gach ní dá raibh an pobal Giúdach ag súil leis.”