Acts 12:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar naithne ghotha Pheadair dhi, tré gháirdeachus níor osgail sí an dorus, achd ag rioth dhi a steach, dinnis sí go raibh Peadar na sheasamh sa phóirse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’aithin sí guth Pheadair, acht le méid an áthais do bhí uirthi níor fhoscail sí an geata, acht do rith sí isteach, agus d’innis sí go raibh Peadar ’n‐a sheasamh ós cómhair an gheata.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a dʼaithin sí glór Pheadair, níor oscail sí an geata le méid a lúcháire roimhe, ach rith sí isteach le hinsint go raibh Peadar ina sheasamh os comhair an gheata.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a d' aithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a dʼaithin sí guth Pheadair, le méid an áthais a bhí uirthi, in ionad an doras a oscailt, rith sí isteach ag fógairt dóibh go raibh Peadar ina sheasamh ag an doras.