Acts 12:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhradarsan ría, Atá tú ar míchéill. Gidheadh do bhí sisi ag dearbhughadh go raibh sé amhluidh. Achd a dubhradarsan, A sé a aingeal atá ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhradar‐san léi, Ar míchéill atáir. Acht do lean sise g‐á rádh gurbh fhíor é. Agus adubhradar‐san, Is é a aingeal atá ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dúirt siad léi, “Is ar mire atá tú.” Ach dhearbhaigh sise go raibh amhlaidh. Dúirt siad ansin, “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ag rámhaillí atá tú,» ar siadsan léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. «Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,» arsa siadsan.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ag rámhaille atá tú,” ar siad-san léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,” arsa siad-san.