Acts 12:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar sméideadh a láimhe dhósan ortha, chum bheith na dtochd, dfoillsigh sé dhóibh cionnus tug an Tighearna amach é as an bpríosun. Agus a dubhairt sé, Innisigh na neitheise do Shéumus, agus do na dearbhráithreachaibh. Agus ar nimtheachd as sin dó, do chuáidh sé go háit eile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do bhagair sé le n‐a láimh ortha bheith ’n‐a dtost, agus d’innis sé dhóibh cionnas thug an Tighearna amach as an bpríosún é. Agus adubhairt sé, Innisidh na neithe seo do Shéamas agus do na bráithreachaibh. Agus d’imthigh sé, agus do chuaidh sé go h‐áit eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach bhagair sé a lámh orthu le bheith ina dtost, agus dʼinis sé tríd síos dóibh conas a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. Agus dúirt sé, “Inis an méid sin do Shéamas agus do na bráithre.” Dʼimigh sé as ansin go hionad eile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh bheith ina dtost agus d' aithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. «Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,» ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach rinne Peadar comhartha láimhe dóibh a bheith ina dtost agus dʼaithris dóibh mar a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. “Insígí an scéal seo do Shéamas agus do na bráithre,” ar seisean ag imeacht uathu agus ag dul go háit eile.