Acts 12:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ná íarraidh Dioruáidh, agus nách bhfuáir, ar cceasdughadh an luchd coimhéuda dhó, dáithin sé a mbreith amach chum pionúis. Agus ar ndul siós dó ó thír Iúdaighe go Séasáréa, do chomhnaigh sé ann sinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do‐rinne Ioruath cuardach ’n‐a dhiaidh, agus nach bhfuair sé é, do cheistigh sé na gárdaí, agus d’órduigh sé a gcur chum báis. Annsin d’imthigh sé ó Iúdaea síos go Céasaria, agus d’fhan sé ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chuardaigh Iorua é gan a thásc ná a thuairisc a fháil, chuir sé céasadh ar na saighdiúirí le heolas a bhaint astu agus thug sé ordú a gcur chun báis. Chuaigh sé síos ansin ó Iúdaea go Caesaríá, agus dʼfhan ansin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus d' ordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Céasaráia agus thug tamall ann.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir Héaród lorg air agus nuair nach raibh aon fháil air, scrúdaigh sé na gardaí agus dʼordaigh iad a chur chun báis. Ansin chuaigh sé síos ó Iúdáia go Caesairia agus thug tamall ann.