Acts 12:20 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do bhí Ioruáidh an tan sin ro dhíomghach do luchd Thíruis agus Shídoin: achd tangadarsan dáontoil chuige, agus, ar dtabhairt Bhlastuis eadhon séomradóir an rí ar a dtoil, díarradar síocháin; do bhrígh go raibh a ttír dhá cothughadh tré thír an rí.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí mí‐ghreann mór air chum muinntire Tuire agus Sidóine: agus tháinig siad de thoil a chéile chuige, agus ag déanamh caradais dóibh le Blastus seomradóir an ríogh, d’éiligheadar síothcháin air, toisc a ndúthaigh bheith d’á cothú ó dhúthaigh an ríogh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí Iorua i bhfeirg le muintir Thiora agus Shiodóin; agus tháinig siad uile le chéile ina láthair, agus mheall siad leo Blastus, maor theaghlach an rí, agus dʼagair siad é faoi shíocháin, ó bhí a dtírsean taobh le tír an rí le haghaidh a soláthar bia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ag an am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus na Síodóine, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, d' iarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
San am seo bhí colg ar Héaród le muintir na Tuíre agus Shiodón, ach tháinig an dá mhuintir le chéile ar thoscaireacht chuige. Tar éis dóibh Blastas, maor teallaigh an rí, a thabhairt ar a dtaobh, dʼiarr siad síocháin ar an rí de bhrí gur ón dúiche ríoga a tháinig lón bia a dtíre féin.