Acts 12:23 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a nuáirsin féin do bhuáil aingeal an Tighearna é, do bhrígh nach ttug sé glóir do Dhía: agus ar na ithe do phíasdaibh, do chuáidh a spiorad as.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an láthair do bhuail aingeal an Tighearna é, de bhrigh nach dtug sé an ghlóir do Dhia: agus d’ith piasta é, go bhfuair sé bás.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhuail aingeal ón Tiarna buille air, ó nár thug sé an ghlóir do Dhia; agus bhí sé á chreimeadh ag cnumhóga gur éag sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é dá ithe ag péisteanna.