Acts 12:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin dó gur thaitin sin ris na Iúdaighibh, do chuir sé roimhe Peadar do ghabháil mar an gcéudna. Achd do bhádar láethe a naráin gan laibhín ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar n‐a fheicsin dó gur thaithnigh sin leis na h‐Iúdachaibh, do chinn sé ar Pheadar do ghabháil, leis. Agus laethe an aráin gan laibhín do bhí ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giudaigh, rinne sé Peadar a ghabháil freisin. Tharla sin in am laethanta an Aráin gan Laibhín.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslimaráin a bhí ann,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslim-aráin a bhí ann,