Acts 12:4 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar na ghabháil dó, do chuir sé a bpriosún é, ar na thabhairt dá choimhéud do cheithre choírighthibh do shaighdiúiribh; ar mbeith fonn mhar dhó ar a thabhairt amach chum an phóbail a ndiáigh ná Cásg.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí sé gabhtha aige, do chuir sé i bpríosún é, agus do chuir sé fá chúram gárda seisir saighdiúir déag é; agus é de rún aige a thabhairt amach i bhfiadhnaise an phobail i ndiaidh na Cásca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé gafa aige, chaith sé i bpríosún é, agus chuir sé ceithre cheathrar saighdiúirí mar gharda air, gach ceathrar ar a seal, agus é ar intinn aige a thabhairt amach chuig na daoine i ndiaidh na Cásca.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus d' fhág ceithre scuaid saighdiúirí á choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus tar éis dó é a ghabháil, chuir sé i bpríosún é agus dʼfhág ceithre scuad saighdiúirí dá choimeád agus é de rún aige é a thabhairt os comhair an phobail tar éis na Cásca.