Acts 12:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith Dioruáidh ar tí a thabhairt amach, sa noidhche sin féin do chodail Peadar eidir dhís saighdíuir, ar na cheangal ré dhá shlábhradh: agus do bhádar an luchd coimhéuda ag coimhéud an phriosúin ag an dorus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí Ioruath ar tí é do thabhairt amach, an oidhche chéadna sin bhí Peadar ’n‐a chodladh idir bheirt saighdiúir, é ceangailte le dhá shlabhradh: agus bhí gárdaí taobh amuigh de’n doras ag coimhéad an phríosúin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An oíche roimh an lá sin a raibh Iorua ar tí a thabhairt amach, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúir, agus dhá shlabhra á cheangal, agus na coimeádaithe os coinne na ndoirse agus iad ag coimeád an phríosúin;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An oíche sula raibh Héaród chun é a thabhairt os comhair an phobail, bhí Peadar ina chodladh idir beirt saighdiúirí agus dhá shlabhra faoi agus bhí garda os comhair an gheata ag faire an phríosúin.