Acts 12:7 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus féuch, do sheas aingeal an Tighearna a lathair, agus do dhealruidh solus sa tígh: agus ar mbúaladh Pheadar ann a tháobh, do thog sé súas é, ag rádh, Eirídh go lúath. Agus do thuiteadar na slabhraidhe dhá lámhaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach aingeal an Tighearna ’n‐a sheasamh ’n‐a aice, agus do dheallruigh solas san charcair: agus do bhuail sé Peadar san gcliathán, gur dhúisigh sé é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh de láthair. Agus do thuit na slabhraidhe d’á lámhaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus bʼshiúd aingeal ó Dhia á nochtadh, agus an solas ag lonradh sa chillín, agus bhuail sé bos ar thaobh Pheadair á mhúscailt, agus dúirt sé leis, “Éirigh i do shuí go tapaidh,” agus thit na slabhraí dá lámha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é á rá: «Éirigh i do sheasamh go tapa.» Leis sin thit na slabhraí dá lámha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Go tobann sheas aingeal ón Tiarna os a chomhair agus las solas sa seomra. Bhuail an t-aingeal Peadar sa chliathán agus dhúisigh é dá rá: “Éirigh i do sheasamh go tapa.” Leis sin thit na slabhraí dá lámha.