Acts 12:8 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt an taingeal ris, Cuir do chrios thort, agus ceangail ort do bhróga. Agus do rinne sé mar sin. Agus a dubhairt sé ris, Cuir do bhrat iomad, agus lean misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt an t‐aingeal leis, Cuir umat do chrios, agus cuir ort do bhróga. Agus do‐rinne sé é. Agus adubhairt sé leis, Cuir umat do bhrat agus lean mise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dúirt an t‑aingeal leis, “Cuir ort do chuid éadaí agus do choisbheart.” Agus rinne sé amhlaidh. Agus dúirt sé leis, “Fill dʼfhallaing tharat agus tar i mo shála.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,» arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. «Cuir umat do bhrat,» arsa an t-aingeal arís leis, «agus lean mise.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Fáisc ort do chrios agus cuir ort do bhróga,” arsa an t-aingeal leis, agus rinne sé amhlaidh. “Cuir umat do bhrat,” arsa an t-aingeal arís leis, “agus lean mise.”