Acts 12:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nimtheachd amach do Pheadar, do lean sé é, agus ní raibh a fhios aige gur bhfíor a ní do rinneadh trés a naingeal; achd do shaóil sé gur taidhbhse do chunnairc sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’imthigh sé amach, g‐á leanamhain; agus ní raibh a fhios aige arbh fhíor a raibh d’á dhéanamh ag an aingeal, acht do cheap sé gurbh aisling do bhí d’á fheicsin aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh sé amach ina dhiaidh; ní raibh fhios aige gurbh fhíor é a ndearna an t‑aingeal, ach é ag sileadh gurbh aisling í a bhí á feiceáil aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh á dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí á feiceáil aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lean sé amach é agus gan a fhios aige gur fíor a raibh dá dhéanamh ag an aingeal; cheap sé gur aisling a bhí dá feiceáil aige.