Acts 13:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhadar a neagluis na Hantíochia faidhe áirighe agus luchd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirthí Niger, ugus Lúcius ó Chiréne, agus Manahen, comhalta Ioruáidh an tetrarcha, agus Saul.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus san eaglais do bhí i nAntuaigh do bhí fáidhe agus teagascóirí, ar a raibh Barnabas, agus Símeon Dubh, mar tugtaí air, agus Lúcius ó Churéné, agus Manaén cómhdhalta Ioruaith tetrarcha, agus Saul.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Anois bhí fáithe agus lucht teagaisc san eaglais in Antíoc, mar atá, Barnabas, Síomón ar gaireadh Niger de, Lucias as Círéne, Manaen duine de lucht cúirte Iorua an teatrarch, agus Sáúl.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicías Cuiréanach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród an rí cúige, agus Sól.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí san Eaglais in Aintíoch na fáithe agus na múinteoirí seo a leanas: Barnabas, Simeon–Simeon Dubh mar a thugtaí air, Lúicias Círéinéach, Manaéan a bhí ina chomhalta ag Héaród, an rí cúige, agus Sól.