Acts 13:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus anois, féuch, lámh an Tighearna ad aghaidh, agus biaidh tú dall, gan amharc na gréine agad feadh sealad. Agus ris sin féin do thuit céo agus dorchadus air; agus do shir sé fa gcuáirt dream éigin do threoróchadh ar láimh é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus féach anois, atá lámh an Tighearna ort, agus béidhir id’ dhall, gan solas na gréine d’fheicsin go ceann tamaill. Agus leis sin do thuit scamall agus dorchacht air; agus ag siubhal dó, bhí sé ag iarraidh duine do‐bhéarfadh lámh dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus anois, seo Dia ag leagan a láimhe ort, agus beidh tú i do dhall nach bhfeicfidh an ghrian ar feadh tamaill.” Ní luaithe sin ráite ná thit ceo agus dorchadas air agus chuaigh sé a chuartú daoine lena threorú ar ghreim láimhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.» Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Féach, tá lámh an Tiarna anois ort: beidh tú dall agus ní fheicfidh tú an ghrian go dtí an uair atá ceaptha aige.” Ar an mball tháinig scamall dorcha anuas air agus thosaigh sé ag dul timpeall ag lorg daoine a dhéanfadh giollaíocht air.