Acts 13:15 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tar éis léighthe an reachda agus na bhfáigheadh do chuireadar uachdaráin na sionagóige teachdaireachd chuca, ag rádh, A fheara agus a dhearbhráithreacha, má atá agaibh briathar ar bith lé a dteagaisgfí an pobal, labhruidh í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí léigheadh an reachta agus na bhfáidh déanta, do chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chuca, g‐á rádh, A bhráithreacha, má tá focal congantach le h‐aghaidh an phobail agaibh, labhraidh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a léadh na sleachta as an dlí agus na fáithe, chuir rialtóirí na sionagóige focal chucu, á rá, “A bhráithre, má tá aon fhocal agaibh leis na daoine a ghríosú chun dúthrachta, abraigí é.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu á rá: «Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí léamh an dlí agus na bhfáithe i leataobh, chuir uachtaráin na sionagóige teachtaireacht chucu dá rá: “Má tá aon fhocal spreagtha agaibh don phobal, a bhráithre, abraigí é.”