Acts 13:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar mbeith dhóibh ag minisdrálachd don Tighearna, agus deanamh trosga, a dubhairt an Spiorad Náomh, Cuiridh air leith dhamh Barnabas agus Sául fa chomhair na hoibre chum ar ghoir mé íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag friotháileamh gnótha an Tighearna, agus ag déanamh troscaidh dhóibh, adubhairt an Spiorad Naomh, Cuiridh i leathtaoibh Barnabas agus Saul le h‐aghaidh na h‐oibre chum a bhfuil siad ceaptha agam.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí siad ag adhradh Dé ina dtroscadh, dúirt an Spiorad Naomh, “Cuirigí Barnabas agus Sáúl i leataobh dom le haghaidh na hoibre ar thogh mé iad lena déanamh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscadh, labhair an Spiorad Naomh: «Cuirigí ar leith dom,» ar seisean, «Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Lá dá raibh siad ag seirbhís don Tiarna agus ag déanamh troscaidh, labhair an Spiorad Naomh: “Cuirigí ar leith dom,” ar seisean, “Barnabas agus Sól chun dul i mbun na hoibre a bhfuil siad glaoite agam ina comhair.”