Acts 13:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an dream do áitrigh a Níarusalém, agus a núachdaráin, ar mbeith dhóibh gan éolus aca airsean, na air bhríathruibh na bhfaigheadh léughthar gacha sábbóid, air na dhamnúghadhsan dóibh do choimhlíonadar íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir na daoine chómhnuigheas i nIarúsalem, agus a riaghlóirí, toisc gan aithne bheith aca airsean, agus gan eolas bheith aca ar bhriathraibh na bhfáidh léightear gach sabóid, do chóimhlíonadar a ndubhradar g‐á dhaoradh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, dʼfhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán [Íosa], ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcrích ráite úd na bhfáithe a bhíodh á léamh dóibh gach lá sabóide.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Níor aithin muintir Iarúsailéim ná a gcuid uachtarán Íosa, ach nuair a dhaor siad é, is amhlaidh a chuir siad i gcríoch ráite úd na bhfáithe a bhíodh dá léamh dóibh gach lá sabóide.