Acts 13:28 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus bíodh nach bhfúaradar coir ar bith bháis air, díarradar ar Phílaid a bhásughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus bíodh nach bhfuaradar aon choir do thuill bás ann, d’iarradar ar Phíoláid go gcuirfidhe é chum báis.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Siúd is nár fhéad siad aon chúis a thuill an bás a chur ina leith, ina dhiaidh sin dʼiarr siad ar Phíoláid a chur chun báis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann d' iarr siad ar Phioláit é a chur den saol.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann dʼiarr siad ar Phíoláit é a chur den saol.