Acts 13:3 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An sin ar ndéunamh troisge agus úrnaighe dhóibh, agus ar gcur lámh ortha, do léigeadar úatha íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Annsin, tar a éis dóibh troscadh agus urnaighe do dhéanamh, agus a lámha do chur ortha, do chuireadar uatha iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Leag siad lámha orthu ansin tar éis urnaí agus troscaidh agus chuir siad iad i gcionn a n‑aistir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tar éis dóibh troscadh agus urnaí a dhéanamh, leag siad a lámha orthu agus chuir chun siúil iad.