Acts 13:34 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhrígh gur thóg sé súas é ó mharbhaibh, agus nach bhfillfidh air ais chum trúaidhlighthe, a dubhairt sé mar so, Do bhéura mé dhíbh neithe náomhtha diongmhalta Dháibhí.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus i dtaobh a thógála ó na marbhaibh, gan filleadh a thuilleadh chum truaillighthe, do labhair sé ar an gcuma so, Do‐béarfad duit geallamhnacha naomhtha, diongbhálta Dháibhi.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an méid a bhaineas leis an aiséirí inar thóg sé é ó mhairbh, gan filleadh chun truaillithe, is mar seo a labhair sé air, ‘Tabharfaidh mé duit naomhbheannachtaí buanseasmhaca Dháibhí.’
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: 'Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus i dtaobh é a thógáil ó mhairbh gan aon mheathlú a theacht air go deo, is é atá ráite aige: ‘Tabharfaidh mé daoibh na beannachtaí naofa a gealladh do Dháiví.’