Acts 13:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus go bhfuil gach áon chreideas ar na sháoradh thrídsion ó na huile neithibh, dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus gur tríd‐sean saorthar gach aoinneach chreideas ó na cionntaibh go léir nach bhféadfaidhe bhúr saoradh uatha de réir reachta Mhaoise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gur trídsean a scaoiltear gach duine a chreideas ón ní nár fhéad dlí Mhaois sibh a scaoileadh uaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus gur trídsean a shaortar gach creidmheach ar na nithe uile nár fhéad dlí Mhaois é a shaoradh orthu.