Acts 13:4 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ar mbeith dhóibhsion ar na gcur amach ón Spiorad Náomh, do chúadar síos go Seléucia; agus as sin do shéoladar go Cíprus.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Uime sin, do chuadar fá stiúradh an Spioraid Naoimh, síos go Seleúcia; agus as sin do seoladh iad go Cuprus.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ó chuir an Spiorad Naomh chun bealaigh mar sin iad, chuaigh siad síos go Saleúcia; agus sheol siad as sin go dtí an Chipir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ghluais siad chun bealaigh faoi threoir an Spioraid Naoimh. Chuaigh siad síos go Seiliúicia agus as sin ar bord loinge go dtí an Chipir.