Acts 13:42 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nimtheachd amach as an tsionagóig do na Iúdaighibh, díarradar na Cineadhaigh dachuinge orrtha na briathrasa labhairt ríu féin an tsabbóid na dhiáighsin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus, ag dul amach dóibh, d’iarradar ortha na briathra sin do labhairt leo an chéad sabóid eile.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a bhíothas ag imeacht, chuir na daoine a n‑impí air na nithe seo a insint dóibh ar an tsabóid a bhí chucu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ag fágáil dóibh, d' impigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ag fágáil dóibh, dʼimpigh siad orthu labhairt ar an téama céanna an tsabóid dár gcionn.