Acts 13:46 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar ndéunamh dánachda do Phól, agus do Bharnabas, a dubhradar, Is ribhse ar tús dob éigean bríathar Dé do labhairt: gidheadh ó churtháoi ar gcúl í, agus go mbeirthí do bhreith nach fíu sibh an bheatha mharthanach dfagháil, féuch, atámaidne ag filleadh chum na Gcineadhach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus labhair Pól agus Barnabas go dána neamh-eaglach, agus ar siadsan, “Bhí sé riachtanach briathar Dé a labhairt libhse ar dtús. Ach ó cuireann sibh uaibh é, agus ó measann sibh nach fiú sibh an bheatha shíoraí a fháil, féachaigí, seo ag tabhairt aghaidh ar na Gintlithe sinn.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: «Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamh-bhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.