Acts 13:47 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is mar sin do aithin an Tighearna dhínn, ag rádh, Do chuir mé thú mar sholas do na Cineadhachaibh, agus marshlánughadh go leithimlibh na talmhan.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is é an t‐órdú thug an Tighearna dhúinn, Do chuireas mar sholas do na Geintibh thú, Chum go mbeitheá mar adhbhar slánuighthe go foirimeall an domhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar tá ordaithe ag an Tiarna dúinn sin a dhéanamh, á rá, ‘Chuir mé thú mar sholas ag na Gintlithe, ionas go dtuga tú an slánú go dtí an ceann is faide uainn den domhan.’”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn: ' Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i d' ábhar slánaithe go himeall an domhain.'»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar sin é an t-ordú atá faighte ón Tiarna againn: ‘Tá tú ceaptha agam le bheith i do sholas do na náisiúin, ionas go mbeidh tú i dʼábhar slánaithe go himeall an domhain.’”