Acts 13:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus at dteachd dhóibh go Salamis, do sheanmóraigheadar bríathar Dé a sinagógaibh na Níudaighe: agus do bhí Eóin aca fós mar óglach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do shroicheadar Salamis, do chraobhscaoileadar briathar Dé i sionagógaibh na nIúdach: agus bhí Eoin mar chongantóir aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a shroich siad Salamis, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Agus bhí Eoin acu mar thimire.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar shroichint Shalamais dóibh, d' fhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar shroichint Shalamas dóibh, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Bhí Eoin ina chúntóir acu san obair.