Acts 13:50 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do bhrosduígheadar na Iúdaighe mná ríaghalta agus mácanta, agus náisle na caithreach, agus do thógadar gérleanmhuin ar Phól agus ar Bharnabas, agus do chuireadar amach as a dtéorannaibh íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht do spreag na h‐Iúdaigh na mná onóracha diadha, agus uaisle na cathrach, agus do ghríosadar géirleanamhain i n‐aghaidh Phóil agus Bharnabais, agus ruaigeadar as a ndúthaigh amach iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach shéid na Giúdaigh faoi mhná céimiúla cráifeacha agus faoi phríomhfhir na cathrach, agus dʼadhain siad géarleanúint in aghaidh Phóil agus Bharnabais, gur chuir tóir orthu as na críocha sin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach rinne na Giúdaigh séideadh faoi mhná uaisle diaganta na cathrach agus faoi na cinn urra, thosaigh siad ar ghéarleanúint a dhéanamh ar Phól agus ar Bharnabas agus thiomáin amach as an dúiche iad.