Acts 13:7 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do bhí a bhfochair a núáchdaráin, Sergius Paulus, duine tuigsionach; Ar ngairm Bharnabais agus Sháuil dhó so chuige, díarr sé briathar Dé déisdeachd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
do bhí i bhfochair an phróconsúil, Sergius Paulus, fear tuigseanach. Do ghlaodh seisean Barnabas agus Saul chuige, agus ba mhian leis briathar Dé do chlos.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bhí seisean i gcuideachta an phrochonsail, Sergius Paulus, fear tuisceanach, a thug cuireadh do Sháúl agus do Bharnabas agus a raibh fonn air briathar Dé a chluinstin uathu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
I gcuideachta Sheirgias Paulas próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
I gcuideachta Sheirgias Pól próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.