Acts 14:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla a Nicónium, go ndeachadar aráon a náoinfheachd go sionagóig na Níudaigheadh, agus gur labhradar, ar ghléus gur chreideadar buidhean mhór do na Iúdaighibh agus fos do na Gréugachaibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thárla i nIcónium go ndeachadar araon isteach i sionagóig na nIúdach, agus gur labhradar ar chuma gur chreid sluagh mór de na h‐Iúdachaibh agus de na Gréagachaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
In Icónium dóibh ansin chuaigh an bheirt acu isteach i sionagóg na nGiúdach agus thug a chaint ar shlua mór de Ghiúdaigh agus de Ghréagaigh araon teacht chun creidimh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla an rud céanna in Iocoiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tharla an rud céanna in Iocóiniam: chuaigh siad isteach i sionagóg na nGiúdach agus labhair chomh héifeachtach sin leo gur ghlac cuid mhaith Giúdach agus Gréagach leis an gcreideamh.