Acts 14:11 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfaicsin a neithe do rinne Pól don phóbal, do árdaigheadar a ngúth, ag rádh a dteangaidh na Licaónia, Tangadar dée a núas chugainn a gcosamhlachd dáoine.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic na sluaighte a raibh déanta ag Pól, do ghlaodhadar i n‐árd a ngotha as cainnt Licaónia, g‐á rádh, Atá na déithe tagtha anuas chugainn i riocht daoine.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nuair a chonaic na sluaite cad é a bhí déanta ag Pól, thóg siad gáir os ard i dteanga Licaónia, agus ar siadsan, “Tá na déithe i ndiaidh teacht anuas ó neamh chugainn agus cosúlacht dhaonna orthu!”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, d' ardaigh siad a nglór, á rá i dteanga na Lucaóine: «Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic na sluaite cad a bhí déanta ag Pól, dʼardaigh siad a nglór, dá rá i dteanga na Liocáóine: “Tá na déithe tagtha anuas inár measc i gcló daoine.”