Acts 14:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag rádh, A dháoine, créud fá a ndéantáoi na neithese? Oir is dáoine sinnse féin, cosmhail a bhfulangthaibh ribhse, ag soisgéulughadh dhíbh fileadh ó na neithibh diomháoineachsa chum Dé bhí, noch rínne neamh, agus talamh, agus a nfáirge, agus na huile neithe atá ionnta:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ag liúghadh agus g‐á rádh, A dhaoine, créad do b’áil libh a leithéid sin do dhéanamh? Daoine go bhfuil an nádúir chéadna againn agus atá agaibh féin, is eadh sinne, agus atáimíd ag tabhairt deagh‐scéala dhaoibh, go gcaithfidh sibh iompódh ó na neithibh baotha sin chum Dé bhí, do chruthuigh neamh, agus talamh, agus muir, agus a bhfuil ionnta:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“A fheara, cad chuige a ndéanfadh sibh sin? Níl ionainn ach daoine, atá cosúil libhse inár nádúr, agus dea-scéal againn daoibh, chun cúl a chur leis an amadántacht seo agus aghaidh a thabhairt ar an Dia bithbheo ar cruthaitheoir neimhe agus talaimh agus na farraige agus a bhfuil iontu é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A fheara,» ar siad, «cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid a fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“A fheara,” ar siad, “cad ab áil libh é seo a dhéanamh? Níl ionainne ach daoine daonna cosúil libh féin, agus táimid dá fhógairt mar dhea-scéal daoibh éirí as na nithe baotha seo agus iompú ar an Dia beo a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus gach a bhfuil iontu.