Acts 14:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Noch do fhulaing sna haimsiribh do chuáidh thorainn, do na huile chineadhachaibh siubhal ann a slighthibh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
an té do leig do na cineadhachaibh, ins na tráthaibh atá imthighthe, siubhal ar a slighthibh féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Sna glúine a ghabh tharainn ligeadh sé do na ciníocha uile a mbealaí féin a leanúint;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sna glúinte atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sna glúine atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil,