Acts 14:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh tangadar Iúdaighe chuca ó Antíochia agus ó Icóníum, noch do chomhairligh an pobal, agus ar ngabháil do chlochaibh ar Phól, do tharruing amach as an gcathruigh é, ar na sháoilsin dóibh go raibh sé marbh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht tháinig Iúdaigh go dtí an áit sin ó Antuaigh agus ó Icónium, do spreag na daoine, agus do ghabh de chlochaibh ar Phól, agus do tharraingt amach as an gcathair é, mar ba dhóigh leo go raibh sé marbh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tháinig Giúdaigh as Antíoc agus Icónium; gur mheall siad na daoine leo, agus chaith siad clocha le Pól agus tharraing siad amach as an gcathair é, agus iad ag meas gur marbh a bhí sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocoiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad á cheapadh go raibh sé marbh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ansin tháinig roinnt Giúdach ó Aintíoch agus ó Iocóiniam, thug siad na sluaite ar a dtaobh agus tar éis dóibh Pól a chlochadh tharraing siad amach as an mbaile é agus iad dá cheapadh go raibh sé marbh.