Acts 15:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar dteachd do dhruing áirighe a núas ó thír Iudaighe do theaguisgeadar na bráithre, ag radh, Muna dtimcheallghearrthar sibh do réir reachda Mháoisi, ní héidir bhur slánughadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig daoine áirithe anuas ó Iúdaea, agus do bhíodar ag teagasc na mbráithreach, g‐á rádh, Muna dtimcheall‐ghearrthar sibh de réir reachta Mhaoise, ní féidir bhúr slánú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tháinig daoine áirithe as Iúdaea a chuir an teagasc seo roimh na bráithre, “mura nglacann sibh le nós an timpeallghearrtha a bhíodh ag Maois, ní fhéadann an slánú síoraí a bheith agaibh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: «Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,» ar siad, «ní féidir bhur slánú.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig daoine anuas ó Iúdáia agus thosaigh siad ag teagasc na mbráithre: “Mura ndéantar sibh a thimpeallghearradh de réir ghnás Mhaois,” ar siad, “ní féidir bhur slánú.”