Acts 15:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do thochdadar an chuideachda uile, agus tugadar éisdeachd do Bharnabas agus do Phól, ag innisin créad é méud na gcomharthadh agus na míorbhuileadh do rinne Día thríothadh féin eidir na Cineadhachuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhan an chuideachta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaobh na míorbhal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríotha féin i measc na gCineadhach.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhan an comhthionól uile ina dtost; agus dʼéist siad le Barnabas agus le Pól agus iad ag aithris na gcomharthaí agus na n‑iontas a bhí déanta ag Dia tríothu i measc na nGintlithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhan an slua go léir ina dtost, agus d' éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼfhan an slua go léir ina dtost, agus mʼéist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.