Acts 15:2 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireachd nar bheag do dhéanamh na naghaidh, dorduigheadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile dhíobhsab, do dhul súas go Híarusalem chum na nabsdal agus na sinnsear a dtimcheall na ceasda so.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tar éis aighnis agus conspóide nár bheag do bhí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruigheadh go rachadh Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem chum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ó nár bheag an corraí agus an chonspóid a bhí ag Pól agus ag Barnabas leo, ceapadh Pól agus Barnabas agus daoine leo as an gcuid eile le dul suas go hIarúsailéim chuig na haspail agus na cruifreacha leis an gceist seo a shocrú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go Iarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí aighneas agus argóint fhada ag Pól agus ag Barnabas leo, agus shocraigh siad go rachadh Pól agus Barnabas agus roinnt eile acu go hIarúsailéim chun dul i gcomhairle leis na haspail agus leis na seanóirí faoin gceist seo.